Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 333
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Imthígheann an spré leis an bhfaill agus fanann an mheidhil ar an mhnaoí."
Sin sean-fhocal a deirtear núair a bhíonn fear réidh chun phósadh agus núair a bhíonn an bhean fachta amach aige agus gan aon spré ag dul leí.
Seo ceann eile - "I dtosach na h-aicíde is fruiste í leigheas" a deirtear núair a bhíonn cneach ar duine agus ar dtúis bíonn sé fruiste í leigheas, acht sa deireadh bíonn sé deacair í leigheas.Seo ceann eile a deirtear núair a fíafruigheann fear ar a chomráidaí dul ar an gcóisre deireann duine eile "Ní i gcómhnuidhe a bheidh Dómhnall Bhuidhe á phósadh agus a chóir aige chuige"."Sgairbhín na gcúach - Fairthainn agus fúacht. Sé an bhrígh atá leis an sean-fhocal sin ná núair a thagann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Súileabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí