Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is mó duine go bhfuil easnamh airgid air agus deirtear go bhfuil mórán dhe i bhfolac fé sceich ghil i bhFuircéill. Do chómnuig fear ann fadó agus oidhche amháin do bhuail bean sídhe isteach chuige agus dubhairt sí "Tá truagh agam duit i dtaobh tú bheith cómh bocht agus an t-airgead go léir a bheith chómh gar duit" Tá sceach-geal ag fás sa gháirdín sin thuas agus téighir ann le h-eirighe gréine amáireach. Tabhair leat rán agus bain amach an chloc atá fé bhun an chrainn. Coimeád do shúile ar do chuid oibhre i gcomhnuidhe. I gcionn tamaill tiocfaidh gadhairín beag donn amach as an bpoll. Do dhéin an fear amhlaidh agus ní raibh sé a bhfad ag cuardach nuair a léím an gadhairín amach chuige. Nách deas an gadhairín tusa ar seisean. Ní deise mé ná an gadhairin atá laistir díot, arsan gadhairín. D'feach an fear mórthímpeall agus ní fheaca sé aon nídh. Nuair d'feach sé ar a chuid oibhre arís ní raibh an acht scairt drisleach. Deirtear go thrial sé go minic ina dhiaidh sin, acht do theip air(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní hUardail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Míceál Ua Uarrdail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí