Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 016
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear 'na chómhnuighe i gCrostra uair agus fille dob eadh é. Bíodh sé ag déanamh amhráin idtaobh mhuintir an bhaile. Bhí fear 'na chomhnuighe sa bhaile sin agus bhí sé ana bhocht agus bhí ana dhúil aige idtobac. Do chaill sé blúire tobac agus bhí sé ag cuardach ar fúid an bhaile agus dhein an fear seo Padruig Paddy Thaidhg amhrán mar gheall air.
"Ar cualabhar an t-anaithe
Do rug ar Mhurtai Mháire
Do chaill sé blúire tobac
Is gan fághail aige go brath air
Do chuir se ar bharra an fhalla é
Is do tháinig air an gála
Do leag sé ar an dtalamh é
Is gur ith an tseana láir é"- Bailitheoir
- Criostóir Ua Urdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Peig Ní Urdail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí