Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 044
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear in a chomhnuidhe i dTúirín-na-gréine roinnt bliadhanta ó shin gurab ainm dó Seamas Liath. Fear bocht a b'eadh é. D'imthig a clann go h-Ameirce núair a caileadh a máthair agus bhí sé in aonar i dtigín beag gan aon slíghe mharachtaint aige acht naoi [?] deich cearcaibh agus caileach.
San am san do thosnuig bóthar Doireanchairn agus tháinig Seamas ann ag obair ar cróinn sa t-seachtmhain. I gcionn tamail núair a chúaidh sé abhaile tar-éis bheith ag obair ar an mbóthair bhí an caileach[?] imthighthe ag an madra-ruadh agus do chúm sé amhrán dó agus [?]seo mar dúbhairt sé. "Caileach Séamas Liath."
Fágabh gan talamh gan cíos me
I mbotháinín íseal cúng.
Ó imthig mo phreabhairí gcroidhe uaim
Is ná fhanadís oidche im clúid.
D'fhágadar gan tapadh gan brídh me
Gan anam im chroidhe gan [?]
Tá mo-shúil-se le Muire is le Bríghde
Go bhfeichead arís iad siúd.Táim-se im codhladh um aonar
Ach mo chaileach ag glaodhach lem clúais
Ó imthig mo chuideachta i gcén uaim
Thar fairrge craosach cruaid
Beathuighead le n-alus mo ghéag iad
Is alus go trean lem gcrúd
Is anois ní liom iad in-aon-chor
Ó aosuigheadar féinig súas.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súileabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí