Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 049

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 049

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 049
  3. XML “Daoine Cáiliúla”
  4. XML “Daoine Cáiliúla”
  5. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé 'na chómhnaidhe i Léith-choill agus siuinéir a beadh é. Dómhnall Ua Uaithne a b'ainim dó beannacht Dé le na n-anam. Siúinéir cliste do beadh é cé nár fhoghluim sé an ceárd sin riamh. Do dhein sé bfeidhlín dó féin agus bhíodh sé a sheinnt ar fuaid an bhaile. Bhí an bhfeidhlín sin chómh maith le h-aon bhfeidhlín eile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Cruadlaíoch
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Liathchoill, Co. Chorcaí
  2. Bhí fear ina chómhnaidhe i nDeirelocha fadó agus sé an ainim a bhí air ná Seán Ua Suilleabháin.
    Ana spealadóir do b'eadh é agus bhíodh sé ag baint féar i mBéarra. Bhíodh sé ag baint an fhéar ar feadh an t-Shamhraidh ar a phágh. Bhíodh árd faor aige.
    Cuireadh sé an faor chómh maith ar an speil go bhfeadfhadh sé an clúmh a bhaint dá loirgineadh act an speal do chimilt taobh leó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Bhí fir i Léith-choill fadó muinntir Cruadhlaoich do b'eadh iad. Fir maith rámhaidheacta do beadh iad. Bhídís ag tabhairt móna ar bhádaibh treasna an fhairrge ó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.