Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 061
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó fadó bhí morán daoine ana chliste i na lán slighte ar fuaid na h-Éireann. Bhí fear darab ainim Seán Ó Murchadha i na chómhnuidhe i Snámh. Is é an slighe bheatha a bhí aige ná bheith ag rith rásanna i gcómhnuidhe agus dá mbuadhfadh sé an rás gheóbhadh sé cúpla céad púnt. Lá amháin bhí sé ag rith rás le fear eile agus bhí an rás dá mhíle, thosnuigheadar le chéile acht do bhuaidh Seán Ó Murchadha air. Lá éigin eile dubharadh leis rás eile a bheith aige idir é féin agus girrfiadh mínithe a bhí acu agus do bhí Seán sásta. Thosnuigheadar le chéile as go bráth leo agus bhí an beirt acu ag cimeád le chéile acht fé dheire do bhuaidh Seán an rás. Do thug a mháighistir tig mór groidhe agus céadta púnt dó agus an áit i na raibh sé ag rith an rás do chuir a mháighistir a ainim anáirde agus is é seo a scríobh séSeán Ó Murchadha
Snámh Co. Corcaighe
An príomh fear ráis in Éirinn- Bailitheoir
- Siobhán Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí