Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 067
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Dé Máirt moch ar maidin do ghléasas mo chapall”
I
Dé Máirt moch ar maidin do ghléasas mo chapall.
Is do ghabhas chun Gleann-garbh dén cuaird sin
Ba ró geárr go bhfeacha an patrún fairsing.
Ag chipíní aitin mar cualag.
II
A chipíní aitin is a mháilíní leathair.
Is an gcúmat go dtagaidh id guailne.
Le'd chipíní aitin is le'd mhailíní leathair.
Gur mheallais an t-airgead ruadh uaim.
III
Nuair a thánag abháile do shuidheas ar an raca.
Is ní rabhas ann acht tamaillín suarach.
Nuair tháinig chúgam m'athair um phléasgadh le bata.
Is do bhagair go tapaidh orm bheith ag bualadh
IV
Fóill, fóill athair fan foidhneach fan fada.
Leóg síos an maide is ná [?] me.
Mar go bráthad an fhaid a mhaireadh ní thréichead an bhaile
Is dhéanfad me grafad is búairt duit.
V
Mo chuid cóirce atá in easair le bres mór is seachtmhain.
Ceall congnamh chun baillthe suas air.
Na Géana is na cearcha na bhun is na bharra
Is a daoire na ngearaidh nách [?] me.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Chruadhlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Cáitlín Bean Ui Cruadhlaoich
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí