Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 113
- XML “Cruatan”
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)buachaillí. Bhí gach duine mórthímpeall na h-áite ag feitheamh leó acht nuair nár thánadar, chuaidh a lán daoine amach ar a d'tríal act níor bhfuaradar iad. I ndhiaidh trí seachtmhaine fuaireadar duine acu ar an dtráig mar do chaith an fairrge isteach é.
- Tá carraig mhór ar an dtaobh thiar d'Fhaoide. Nuair a thagann an ghairitheann bíonn sé ana gharbh tímcheall na carraigeacha. Tá na gchiaráin lais tiar de'n charraig agus bíonn sé ana gharbh gach aon lá sa mbliadhain tímcheall ortha. Na báid a théigheadh go Beanntraighe ón áit seo is idir Carraig Mhór agus ceann Faoide a théigidís treasna. Aon lá amháin fadó chuaidh bád ón gCúiléaraig do Beanntraighe agus bhí bean ann a bhí ag dul ag piochadh miamháin go Charraigh Mhór. Do chuireadar ar an gcarraigh í ag piochadh miamháin agus chuadar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Chruadhlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Uí Cruadhlaoich
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí