Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 135
- XML “Seanscoileanna”
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tímcheall seascadh blíadhan ó shin bhí scoil eile síos in aice na fairrge. Bhí fear ag gabháil ó áit do h-áit agus sé an ainm a ghlaodhach na daoine air ná Dómhnall an Píbire. Máistir abeadh é agus bhíodh sé ag foghluim na scolaire sa scoil seo agus díoladh síad san é úair sa mhí nó mar sin. Tá an scoil seo idir Cúilearthach agus Tráchaiseal agus tá cabhlach ann fós.
- Sara cuireadh na scoileanna náisiúnta ar bun bhíodh scoileanna scairte acu. Tímcheall caogad blíadhain ó shin bhí scoil fé scairt i mbun Faill Ceanan i gCúmar Cún. Thagadh na daoine ó gach áit chun amhránuidheacht d'fhoghluim. Sé an máighistir a bhí ortha ná Seánín Líath. File do b'eadh é agus bhíodh sé ag chúmadh amhráin idtaobh na ndaoine mórthímcheall na h-áite. Bhí cathaoir déanta de meatháin aige agus ní leigeadh sé aoinne chun suidhe innte ach é féin. Bhí sé ann ar feadh cúpla mí nó mar sin, ach bhí na daoine ag magadh fé agus ag cur eagla air agus aon lá amháin do theith sé leis féin agus ní fheacha aoinne é ó shin. Do leagadar an tigín acht tá an rían ann fós.
- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Séamus Ua Mhathghamhna
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí