Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 139
- XML “Seanscoileanna”
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dheis deireach sé "hay leg" agus an chos clé "straw leg". Ba ghearr go rabhadar 'na rínncóirí maithe. Tar-éis an lae a thabhairt ag foghluim na scoilárí thugadh duine aca go dtí a thig féin é i gcóir na h-oidhche chun bheith ag seinm agus bíodh an tig sin lán, ag rínnce go maidin. Caitheadh gach scoláire sgiling sa t-seachtmhain do dhíol leis an Máistir agus bhí dó agus triuchadh scoláirí aige. Lean sé don scoil sé seachtmhaine agus gealaim-se duit gur aithin gach aoinne an chos dheas on gcos clé annsan.
- Fadó sar a raibh aon scoil sa pharóiste seo bhí fear ar an mbaile seo agus bíodh scoil aige i gcró Dómhnal Ó Cruadhlaoí. Núair a leigtí amach na ba tímpeall a deich a clog thagadh an Máistir agus na scoláirí go dtí an cró agus bíodh sé ag múinead go dtí a trí a chlog. Ní raibh aon leabhair aige chun na scoláirí d'fhoghluim acht é féin ag scríobhadh na litreacha ar clár agus é a múineadh. Ní raibh aon scíobhnóireacht a fhoghluim aige mar ní raibh dubh ná páipéar aca mar a tá anois. Ní raibh aon suidheachán sa scoil acht is amhlaidh a thugadh gach scolaírí cloch mór isteach leis.
- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séan Ó Súileabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí