Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 139

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 139

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 139
  3. XML “Seanscoileanna”
  4. XML “Seanscoileanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dheis deireach sé "hay leg" agus an chos clé "straw leg". Ba ghearr go rabhadar 'na rínncóirí maithe. Tar-éis an lae a thabhairt ag foghluim na scoilárí thugadh duine aca go dtí a thig féin é i gcóir na h-oidhche chun bheith ag seinm agus bíodh an tig sin lán, ag rínnce go maidin. Caitheadh gach scoláire sgiling sa t-seachtmhain do dhíol leis an Máistir agus bhí dó agus triuchadh scoláirí aige. Lean sé don scoil sé seachtmhaine agus gealaim-se duit gur aithin gach aoinne an chos dheas on gcos clé annsan.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Fadó sar a raibh aon scoil sa pharóiste seo bhí fear ar an mbaile seo agus bíodh scoil aige i gcró Dómhnal Ó Cruadhlaoí. Núair a leigtí amach na ba tímpeall a deich a clog thagadh an Máistir agus na scoláirí go dtí an cró agus bíodh sé ag múinead go dtí a trí a chlog. Ní raibh aon leabhair aige chun na scoláirí d'fhoghluim acht é féin ag scríobhadh na litreacha ar clár agus é a múineadh. Ní raibh aon scíobhnóireacht a fhoghluim aige mar ní raibh dubh ná páipéar aca mar a tá anois. Ní raibh aon suidheachán sa scoil acht is amhlaidh a thugadh gach scolaírí cloch mór isteach leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séan Ó Súileabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Doirín an Chairn, Co. Chorcaí