Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 154
- XML “Ainmithe Allta”
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is é an madaruadh an t-ainmhidhe is glice dá bhfuil timcheall na h-áite seo. Dá gcathadh duine cloc leis i gcaitheamh an lae, tiocfidh sé cuige san oidhche ag goid na gcearc agus na géana, agus tógfadh sé iad ós cómhair do shúil i gcaitheamh an lae. Tá na girrithaigh go flúirseach tímcheall na h-áite seo. Ritheann siad i bhfad níos fearr i gcoinnibh an chnuic ná le fánaigh. Iomarashcálann an girrfhiadh é féin san aithin i dtreó go raghadh na deilgneacha in acrann in a chuid fionnadh agus annsan bheadh sé ana dheacair do dhuine breith air mar raghadh na deilgneacha tríd. Dá mbheadh gearbha i gceann leinbh deirtí go bhfuil leigheas i gcroicheann girrfhiadh dó acht é chuir anuas air.
- Dá mbearfadh éillín an chéad ubh Aoine an Cheasta thugadh na sean daoine 'na bpóca é Domhnach na Casga go dtí an Aifrion. Bheadh leigheas ann do adhbhar acht é chimilt do trí nó naoi maidineacha. Leigheas eile do adhbhar [?] at a bheadh ar thaobh scórnaigh iseadh an taobh a bheadh thíos do lichín glas a chimilt de trí nó naoi n-uaire.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Cruadhlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Uí Chruadhlaoich
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46