Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Leathanach 263
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus téigheann na daoine ann úair sa bliadhain. Tímcheall céad bliadhain ó shoin do cuaidh bean bocht ann le láimh teinn agus núair a nigh sí a láimh san uisge naomhtha do leigisead í.
Bhí leigheas eile ag na daoine ar galar an goile agus sin é an cré a bhíonn fe'n sgeic gil do measghadh le h-uisge agus d'oladh leigheas ana mhaith iseadh é.
Núair a bhíonn teinneas fiacla agat má iosfaidh tú ceann de darra daol núair a bhíonn sé beo.
Má bhíonn triuch ag leanbh is maith an rud fuil cait duibh do thabhairt dó rud eile i gcóir é iseadh bainne easóige do thabhairt dó.
Má bíonn créacht ar duine is maith an rud leasú nó piastaí do chur isteach ann.
Leigeas iseadh é seo an gruaigh do bearradh as ceann an duine a bhíonn na britíneach acu
Má bíonn teineas fiacla agat is maith an rud sugh do beiriughadh agus an usige d'óladh
Má thugann tú leasú caorach do leanbh go mbíonn na britineach acu beadh sé ar feabhas.
Má bhíonn duine breoidhte is maith an rud cabáiste do beiriugadh agus an uisge d'óladh(leanann ar an chéad leathanach eile)