Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ló agus do bíodh ag tarraing cloca go dtí an bóthar i gciseánaibh ar ceitre pingne sa ló. Is léir go raibh níos mó daoine in a gcomhnuidhe ins an paróiste seo fadó ná mar atá anois mar is minich a connachas i lár an cnuich iomairí agus gairdiní beaga agus botháin agus taisbeánann san duinn go raibh daoine i na gcomhnuidhe ar an gcnoc fadó.
Is ar clíathán an chnuic a bhí an tsean seipéal in áit ar a dtugtí Massmount. Bé sin an céadh séipéil a deineadh ins an paróiste seo taréis fugascailt na gcaitilceac. Sé an céad seipéal a deineadh taréis san ná an séipéil atá i Dromleabh mar atá ann fós. Tá roilg in aice an t-séipéil i Dromleabh ach san t-seana aimsear is i gCill-Cásgán a adhlacadh na daoine roimhe sin. Tá roilg eile i mBaile na Cile agus is ann a cuirtear na leanbhaí óga a geibheann bás gan Sacramínt an Baiste. Ach in aimsear an gorta do cuireadh gach uile duine ann. Is é an roilg i gCill Cásgán an roilg is aosta des na trí roiligí mar tá cuid de na leaca sgríobhta in ógham.- Bailitheoir
- Máire Ní Concubhair
- Inscne
- Baineann