Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)

Suíomh:
Doire Chonaire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn de Paor
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 380

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 380

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chonaire
  2. XML Leathanach 380
  3. XML “Na Bailte Fearainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. LOCH-DHÁ-BHALL-
    Tá dhá loch ann agus cnocán eatora. Níl aon uisce ag dul as ceann acu agus caoscann an Easach Dubh an ceann eile.
    AN FHUIRCEÍL-
    B'féidir gur ó Fhorc an t-ainm - Pé scéal é ní fada é ó'n nGabhail - cnoc i bhfuirm gabhlóige.
    DOIRE CHONAIRE.
    Ní fios céarbh' é Conaire. Bhí naomh éigin agus Conaire an ainm a bhí air tímcheall Beanntraighe fadó riamh.
    Doire - tá an dair ann fós agus cuilithí dairaighe go flúirseach ins na sean-phortacha tímcheall na h-áite.
    ÍNNSE AN t-SAGAIRT -
    Bhíodh sagart ar a choimeád annso fadó. Léigheadh sé Aifreann súas sa chnoc ar Charraig an Aifrinn.
    MUCRA -
    ós na muca mar deirtear a tháinig an t-ainm
    BÓICEÁRNA.-
    Ní fhios a bhrígh.
    AN SRÓN -
    Géág do'n gCeachain é seo.
    Tugtar ar muinntear na h-áite seo go léir :- "The Ranties." Bhí íascaire
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge