Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 405
- XML “Cluichí - Caitheamh Cloch Araige”
- XML “Cluichí - Colours”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Núair a bhíonn staca ógánach le na chéile is gnáth leo dul isteac i bpáirc nó ar fo-bhóthar agus cloch tímcheall fiche púint ar meádhchaint d'fághail as an gclaidhe. Annsan cuireann duine marc ar an dtalamh le na bhróig agus árduigheann duine an chloch len a lámh dheis cómh h-árd le na ceann. Cuireann sé cos leis ag an marc agus caitheann sé an chloch cómh fada agus is féidir leis gan é leanúint.
- Chun na cluiche sin d'imirt ní foláir rang daoine do bheith ann, 'aingeal' agus 'diabhal' agus duine chun na dathanna do thabhairt amac. Imtheóchadh an 'diabhal' agus an t-'aingeal' ó na daoine eile agus an duine a bheadh ag tabhairt na dathanna thugadh sí dath éigin do gach aoinne. Thagadh an(leanann ar an chéad leathanach eile)