Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 445
- XML “An Gabha agus an Cheárta”
- XML “An Gabha agus an Cheárta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an teanncair, leagann sé ar an inneóin é agus búaileann sé leis an gcasúr é. Bíonn sprinnlíní ag teacht amach as an iarrain agus an gabha á bhúaladh. Núair a bíonn cruidhte déanta aige cuireann sé síos i dtubán uisce íad chun íad d'fúaradh.
- Sar ar deanamh an cheardca so mar a bhfuil síad ag obair anois do bhí ceardcha ag Eóghan Ó Shúileabháin, sin é athair Sheáin Uí Shúileabháin an fear atá ag obair ann anois ar chrois an Ghleanna Ghairbh. Do bhí sé suidhte ar aghaidh tig Dháibh Paor treasna an bhóthair agus bhí Eóghan Ó Shúileabháin agus a bheirt mac ag obair id san ar feadh fiche blían nó b'féidir a thuilleadh. Tá an cheardcha go bhfuil síad ag obair anois ann timcheall agus dachad slat nó b'féidir níos lúgha ó chrois an Ghleanna-Ghairbh agus tá sé suidhte le h-ais an droichead ar dhruim na h-abhann i leith do lámha chlé núair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Cruadhlaoich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí