Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 305

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 305

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 305
  3. XML “Piseoga an Tí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a gheibheann duine bá ní cheart a gcuid eadaigh do gheáradh
    Thiocfadh mí-ádh éigin ar duine a thuitfeadh san roilig
    Iompuigheann na daoine na buird agus na cathaoireacha taobh thuas shíos nuair a imthigheann an socraid o'n dtig
    Tógann síad na sgrúianna amach sar a chaitfidís an chré isteach ar an gcómhrainn
    Nuair a bíonn an tóramh ar siubhal caithfidh an corp a bheith ag feuchaint soir
    Níl sé céaduighthe le daoine óga d'fheiscint ar a mathracha na a n-athracha nuair a bhíodar á chur isteach ins na cómhranna íad
    Tóann síad corp duine cosa ar aghaidh
    Tógann síad corp an tsagairt agus a cheann ar aghaidh

    Lá Crosta na Blíadhna
    Má treabhann tú an lá san beidh tú curtha san uaig sar a dtiocfaidh an lá san airís
    Beidh mí-ádh ort nuair a gheóbhthá duine marb
    Beidh mí-ádh ort dá gcuirteá eidhneán san críadh
    Má thógann tú cuilceach o'n dtalamh caithfidh tú é do thógaint o'n dtalamh ar fad. Beidh mí-ádh órt dá gcuirtea ag fás é

    Toramh
    Na coinnle a bhíonn ag lasadh ag toramh dá dtógfá an silteach uatha sabhálfadh sé sin duine ó bheith báidhte
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge