Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 006
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí lánamha ann fadó, agus bhí aon mac amháin acu. Do mhaireadar go seascair ar feadh tamaill ach tháinig droch-bhreoidhteacht ar an máthair is fuair sí bás.
Do chaith an t-athair is an mac a ndícheall a dhéanamh chun an obair a dhéanamh istig is amuich. Do bhí ana ghrádh acu d'á cheile ní nách iongnadh.
Aon lá amháin dubhairt an t-athair leis an mac ná féadfaidís maireachtaint mar sin a thuille go gcaithfeadh an mac pósadh agus arsa'n sean-duine. "Táim chun an méid atá istig is amuich agam a thabhairt duit". Ba ró ghearr go dtáinig lá an chleamhnais agus do tháinig na cleamhnaistí go dtí an tig.
Bhí an méid sin urraim ag an t-athair don mac nár choimeád sé aon phioc aige féin. Do phósadar ar aon chuma agus ní rabhadar abhfad pósta nuair a thug an sean -(leanann ar an chéad leathanach eile)