Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 039
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreabhach ann fadó, is minic a bhí is beidh airís leis agus bhí aon mac amháin aici. Nuair a tháinig an mac i n'aois fir d'fhiafruig an máthair de cad é an ceárd ba leis a bheith aige.
"Bheith um ghadaidhe" arsa'n mac". Ní raibh aon choinne ag an máthair leis an bhfreagra san. Do chuidh an máthair go dtí duine de's na cómharsain agus d'innis sí a sgéal di.
"Ó" arsa'n cómharsa "níl aon rud agat le déanamh ach dul go dtí an Roilig agus a rádh ós árd trí h-uaire', Cad é an ghairm beatha a bheidh agam' mhac? agus pé freagra a gheobhaidh tú caithfidh tú an rud san a dhéanamh".
D'imthig an máthair léi go dtí an Roilig ach má dhein do bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)