Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 104
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí tighearna talmhan ann fada is minic a bhí is beidh airís leis. Do phós sé bean a bhí go flaitheamhail don na bochtaibh.
Ní choimeadadh sí pioc di féin ach á roinnt ar na bochtaibh. I gcionn tamaill do bhí clann acu, triúr inghean a bhí acu agus ní fhéadfá leanbhaí níos deise ná iad fhághail.
Do bhí gach aoinne go mór léi nídh nách iongnadh. I gcionn roinnt blianta do fuair an bhean bhocht bás. Do bhí brón is buadhairt ar gach aoinne na diaidh agus níor b'iongnadh san.
Nuair a fuair an bhean bás níorbh' fhéidir leis an dtighearna talmhan aire a thabairt don na leanbhaí agus do thóg a dhriofúr léi iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)