Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cailín ann uair agus do bhí sí ’na cómhnuidhe i dtigín ana bheag agus ní raibh aon duine in-aon-chor sa tig in-aon-chor in-aoin-fheacht léi.
Aon oidhche amháin nuair abhí sí ag dul suas an staighre do chaith duine éigin fód móna léi agus d’fhéach sí ar fuaid a’tíghe féachaint a’ bhfeicfeadh sí aoinne a chaithfeadh léi é ach ní feacha. Chuaidh sí suas an staighre agus bhí coinneal ’na láimh aici ach ní raibh an choinneal ar lasadh in-aon-chor.
Do chuaidh sí isteach sa leabaidh agus do thuit a chodladh uirthi. Ní raibh sí abhfad ’na codladh in-aon-chor nuair a dúisigheadh í agus do bhí an coinneal ar lasadh.
Do tháinig sí amach as an leabhaidh agus do mhúc sí an coinneal agus do chuaidh sí isteach sa leabaidh airís ach ní raibh sí díreach ach imthighthe isteach nuair do las(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Noirín Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bn. Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí