Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear 'na chómhnuidhe i dtigín beag cinn tuighe timcheall leath-míle ar an dtaobh thiar do Sráíd a' Mhuilinn. Gach oidhche nuair a bhíodh sé sa leabaidh d'airigheadh sé ana fhothram ar fuid a' tíghe. Aon oidhche amháin do tháinig sé go barra an staighre agus do chonnaic sé an bhean in aice na teine agus na bróga bainte dhí agus í á téigheadh féin. Nuair a chonnaic sí an fear dubhairt sí:-"A fhir a' tíghe a fhir a' tíghe atá go glánta
Ná bíodh aon eagla ort rómham-sa
Thánag isteach id thig agus níor chuireas aon lámh liom
Is dá ndéanfa aon nídh le'm bróga
Is daor a dhíolfá as." Agus d'imthigh sí síos tríd an dtalamh mar a imtheóchadh splannc.- Bailitheoir
- Máire Ní Muirighthe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bn. Uí Muirughthe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí