Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"ach mar sin fhéin tá dhá capall déag ar an gcnoc san thall agus más maith leat féadfair iad a bheith agat."
Ghaibh sé a bhuidheachas leo agus do chuaidh sé fé dhéin na cnuc san áit 'na raibh na capaill ag gráséireacht.
Bhí an dhá ceann déag ann agus in-aon-fheacht leo bhí searach ana bhreagh. Bhí sé chómh deas agus chómh glan san go raibh an grian ag taithneamh [?] a chóta.
"Á cad as go dtáinís?" arsa Seán "capall draoidheachta iseadh mé arsa'n capall "agus fág anso me ar feadh bliadhna eile agus cífidh tú chómh mór is a bheidh mé an uair sin",
D'fhág an buachaill ansan é agus d'imthigh sé leis abhaile.
Tar-éis bliana chuaidh sé fé dhéin na h-áite airís bhí an searrach chómh mór san gurb' ar éigin abhí Seán ábalta ar theacht ináirde air,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabhaín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bn. Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí