Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 364
- XML “An Fear Santach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an caint sin agus tosnuigidh ar cainnt éigin eile.
Do dhéineadhar san agus dubhairt Seán nách raibh aon ciall ag aoinne ach aige féin agus ag fear a' tíghe agus do thosnuighdear ag gáirídhe mar gheall air agus thosnuigheadar ag rinnce agus ag amhránaidheacht. Ansan do dhein bean a' tíghe an tae dhóibh agus nuair a dubhairt bean a' tíghe leó é ól dubhairt Seán ná ólfadh sé in-aon-chor mar go raibh sé ag dul abhaile.
Do chuireadar iacaibh ar Sheán é ól agus do tháinig Seán anonn chun an búird agus do thosnuig sé ag ól an tae. Nuair abhí sé ólta aige do chuaidh sé abhaile leis féin agus é go sásta.
Nuair a chuaidh sé abhaile agus d'innis sé d'á mnaoi go raibh an tae ólta aige i dtig na gcómharsan, dubhairt an bhean leis "ar cuadhais isteach ann?" "cuadhas" ar seisean. Bhí áthas uirthi nuair a airig sí é sin. Gach lá do théigheadh sí isteach go dtí an tig san.