Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'eirigh na capaill in áirde sa spéir agus as go bráth leo de dhruim cnocáin is ísleáin is de bhárr barraí na gerann.
Sa deire tiar thall do thánadar anuas de na capaill le h-ais tíghe dhuine uasail, agus chonnaic Cormaicín an cailín ba dheise a chonnaic sé riamh le 'na shúilibh cinn, 'na chodladh istig sa leabaidh agus í ag sranntarnaig dí féin go breágh.
Ba gairid an mhoill ar na púcaí í sgiobadh amach tríd an bhfuinneóig agus chaitheadar smut de bhata nó rud éigin isteach sa leabaidh ná h-ionad. Dubhairt Cormaicín gur deallramhach le smut de bhata daraighe é. Chómh luath agus bhí sé istig sa leabaidh ba dhóich leat gurb'í an cailín abhí ann.
Do léimeadar in áirde ar na capaill agus do chomáineadar leó airís. Do bhí an bhean uasal gach re dtamall in áirde ar na capaill ag teacht.
Fé dheire d'fhiafhruig Cormaicín díabh an bhfaghadh sé féin in-aon-chor chun í(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Risteárd Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí