Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt buachaill ag teacht abhaile ó bheith ag sgoruidheacht oidhche. Bhí sé ag déanamh amach ar a dó déag a clog. Oidhche spéir gealaighe dob' eadh é.
Bhíodar ag siubhal leo agus ag cainnt. Pé cuma 'nar tarraingeadar suas mar gheall ar púcaí do thosnuighdear ag caint mar gheall ortha. Dubhairt duine aca leis an nduine eile. "Ba mhaith liom púca d'fheiscint anois," ach dubhairt an fear eile ná'r mhaith leis iad d'fheiscint.
Do léim púca amach ar an mbóthar agus do rug sé ar an mbuachaill adubhairt gur maith lies púca d'fheiscint agus do thóg sé leis go dtí crois dhoire na Sagart é agus dubhairt sé leis fanamhaint ann agus an céad duine a bhualfadh uime é a mharbhú agus é a fhágaint ann mar sprid.
"Tá go maith" arsan buachaill. Thug an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Scanaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ua Scanaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí