Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dul go dtí an siopa agus ocht sgillinge a thabhairt do bhean an t-siopa agus dul[? go dtí an roilig agus ocht turais do dhéamamh.
"Tá go maith" arsa an driofúr agus[?] chuaidh sí go dtí an siopa agus tug ocht sgillinge d'fhear an t-siopa. Chuaidh driofúr go dtí an roilig agus bhí an bhean[?] marbh ann leí agus do shuid an driofur ar a corraghiob agus dubhairt an bhean marbh leí chun tosnúghad ar an turas airís agus gan suidhe ar a corragiob thuille mar do chaithfheadh sí tosnúghadh turas san airís.
Do dhein sí na hocht turas agus dúbhairt an bean marbh go raibh sí ag dul go Fláthas Dé anois agus aon athcuingí ba mhaith leí d'fiafhruid agus d'iarr[?] sí ar an mnaoi marbh gan í fheiscint brath airís nár mór an amadán í gan fhiafhruidh[?] ar an mhnaoi marbh í leigint go Flathas Dé[?] nuair a gheobhadh sí bás.