Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 056
- XML “An Chloch Guail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gur tháinig tháinig fear suas leis.
Do bheannuigheadar dá chéile. Comarsa ab'eadh an fear eile mar é féin. D'iarr sé ar an bfear an cloch guail a iomchar tamal do mar bhíodar ag gabháil an tslighe céadna.
Thóg sé an cloch guail idir a dhá láim agus do chuireadar an bóthar díobh go mear.
Nuair a shuibladar timpeall míle go leith ar an gcuma san bhí an tarna fear in-aice a thig féinig do leig sé síos an cloch guail á rádh go raibh sé ana throm agus do [?] sé lasán cun a píopa do dheargad.
Chrom sé chun an cloch guail d'fheiscint. Ansan do cuir sé eascaine as. Níor cheap an céad fear gurab é an tarna fear a chuir an eascaine air agus gurab é sin an rud a [?] cloc claidhe dhe.
Níor labhradar oiread agus focail amháin lé na céile as san amach.- Bailitheoir
- Maire Ni Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Liatháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí