Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do rugadh ar mada-ruadh inneal lá agus d'fág sé a h-eirbeall ann. Bhí sé ag imteacht ansan gan aon eirbeall air nuair a chidfhead sé an cuid eile acu agus na scuabanna breághtha trioma acu agus iad ag luasgadh laistear dhóibh agus [?] dheire féin air an fear bocht. Fé deire cuimnig sé ar seift. Chuir sé sgéala amach gur mhaith leis a chomharsain go léir teacht cuighe i lios áirighthe a bhí i lár coille.
Thánadar. Ní raibh blúire coinne aige leis an gnó a bhí aige dóibh. Chuaid sé in-áirde ar túrtóg a bhí i lár an leasa agus do labhair sé leó. Féach ar seisean a mhadraí ruadh tá nídh ag déanamh buadartha dhom le fada agus measaim nách ceart dhom é coimead níos sia am aigne gan é rádh ó's bhúr gcomhair. Is mo contabhairt a bhíonn ar an madra-ruadh ó Luain go Satharn. Bíonn an fiadh[?] na dhiaidh agus fear na gcearc agus is docair dul uatha go léir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Máire Bn. Uí Chriodáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52