Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreach ann uair agus do bhí aon mac amháin aici agus do bhíodar ana bhocht agus fraoch a bhí mar díon ar an dtíghe aca. Seán ab'ainm de'n buachaill.
Bhí aon bó amháin aca. Bhí Seán ana leisgeamhail. Bhí paiste talmhan aca leis agus dá mbeadh aon tairbhe i Seán d'fhéadfadh sé rudaí a chur ag fás ann ach ní raibh aon mhaith ann agus bhí an paiste talmhan ag dul gan mhaith.
Pé sgéal é bhíodar chómh bocht san ná bíodh a ndóithin le n-ithe aca uaireanta. An tráthnóna so ní raibh blúire bídh fé dhíon an tíghe aca agus dubhairt an baintreach leis an mac go gcaithfeadh sé an bó a dhíol ar an aonach lá'r na mháireach nó go gcaithfidís dul amach ad'iarraidh déirce. Do chrúidh sí an bhó ansan agus d'óladar an bainne agus sin a raibh le n-ithe aca i gcóir an suipéar. Bhí áthas an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bn. Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí