Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do chreid an Rígh ansan agus do bhí ana áthas ar fad air. Do chuaidh an beirt acu isteach go seómra an bídh airís agus d'itheadar béile mór bídh.
Nuair a bhí an béile caithte do chuaidh an rígh amach an doras agus do bhí claideamh na láimh aige. Nuair a chonnaic an mac an claidheamh na láimh aige do lean sé amach é.
Do labhair an rígh agus dubhairt an bhfuil fhios agat gur tú mo mhac agus gur mise d'athar. Tá fhios agam go maith ar seisean.
An bhfuil fhios agat go bhfuil driofúr agat agus go bhfuil sí fé ghlas ag Gabha Dubh i gcaisleán Tá fhios san agam leis.
Ansan dubhairt an Rígh mar seo. Do bhí sean-chailleac ag cainnt liom-sa tímpeall seachtmhain nó mar sin ó shoin agus dubhairt sí liom na féadfhadh aoinne ar thalamh an domhan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Liatháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí