Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 0568
- XML “Giota Beag”
- XML “Giota Beag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do chuir duine go raibh aon t-súil amháin aige gheall le duine go raibh radharc ana mhaith aige. Do bhí an gheall é go bhfeicfheadh an duine aon t-súileach a dhó oiread agus a cídhfheadh an duine go raibh an radharc maith aige agus an dá súil.
Cuireadh síos an gheall. Tá sé buaidhte agamsa ansan fear an aon t-súileach mar cím-se dhá shúil id ceann-sa agus ní fheiceann tusa ach aon súil amháin im ceannsa.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Liatháin
- Inscne
- Fireann
- Do bhí gabha na cómhnuídhe sa Róimh agus do mhaoidheamh sé go bhfuair sé amach an rún ar ór do dhéanamh agus d'iarr sé duais ar an bpápa mar gheall air an rún. Chuir an pápa sparán mór cuige go raibh a fhios aige nár theastaigh aon airgead uaidh.