Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 0569
- XML “Giota Beag Eile”
- XML “Giota Beag Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí beirt buachaillí ag cainnt lá Seán agus Dómhnall agus ní raibh aon athair ag aoinne acu agus dubhairt Seán gur fhág a athair féin cúig míle púnt na dhiaidh agus dubhairt Dómhnall gur fhág a athair féin an domhan go léir na dhiaidh.
- Faisnéiseoir
- S. Ó Liatháin
- Do bhí dhá franncach aosta ann uair agus aon lá amháin ní raibh pioc le n-ithe acu agus ní raibh fhios acu cad do thabharfhaidís le n-ithe des na franncaig óga agus lá sneachtaidh do b'eadh an lá céadna.
D'imthígheadar amach ag lorg rud éigin le n-ithe agus do fuaireadar ubh agus ní fhéadfhaidís é tabhairt abhaile leó agus do shín ceann acu siar agus do cuir an ceann eile an ubh anáirde ar a bolg agus ansan do rug sé ar a eirbeall le na bhéal agus do cuadar abhaile mar sin.- Faisnéiseoir
- S. Ó Liatháin