Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 0585
- XML “An Úllghort”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do bhíodh ana eagla ar an chlann roimis. D'airig file éigin mar gheall air agus do dhein sé bhéarsaí mar gheall air. Do bhí ana fhearg ar an file ansan. Do bhí a bhean ar buille chuige agus ar a chlann leis.
Aon lá amháin dúbhradar le na chéile go n-imtheóchaidís uaidh ar fad agus d'imthígheadar. Do bhí an file ag déanamh amhráin mar gheall ar ansan agus do bhí sé sin a déanamh amhráin mar gheall ar sin leis.
Do chuir sé fógra amach gá rádh ansan go bhféadfhadh aoinne ba mhaith leis na rudaí sa gháirdín d'ithe. Ní raghadh aoinne i n-aice leis ansan agus do bhíodar ag cúmadh amhráin mar gheall ar gach lá. Níor bhfada na dhiaidh sin go bhfuair sé bás agus ní raibh aon cathúghadh ar an bhean na dhiaidh.
Do mhaireadar go socair sásta as san amach agus nuair a fuair an máthair bás do bhí ana catúghadh ar an clann na dhiaidh.- Bailitheoir
- M. Ní Críobáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- S. Ó Liatháin
- Inscne
- Fireann