Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fios uirthi. Nuair a airigh gach aoinne an gleó ar siúbhal agus nuair a airigheadar gur thuit an cailín i laige ní rabhadar ag rinnce ná ag amhrán a thuilleadh.
Do chuadar go léir abhaile agus níor chríochnuigheadar an pósadh in aon chor.
Níor chríochnuigheadar an fuisgí nó an pórtar in aon chor ná aon rud eile ach chomh beag. D'fhágadar iad go léir ina ndiaidh.
Do bhí an-chathúghadh ar gach aoinne (ansan) a bhí ina gcomhnuidhe sa tigh sin ansan mar do chuaidh an biadh uatha gan mhaith.
Ar maidin lá arna mhárach do chuaidh an cailín go dtí na píléirí agus d'innis sí a sgéal dóibh agus do chuadar anonn go tigh Sheán na nGé a n-aonseacht léi agus do chuireadar Seán isteach sa phríosún. Ní raibh aon rath ar an lánamha as san amach. M Ní Chríodáin a thóg sios ó bhéal-aithris Sheán Ó Liatháin (78).- Bailitheoir
- M. Ní Críodáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Liatháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78