Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí buachaillín ann úair agus do bhí sé ana ghlic agus do deimin féin do bhí sé cliste leis.
Do bhí a athair is a mháthair i na beó agus do bhíodar ana bhocht ar fad agus ní raibh ach aon bhuachaill amháin acu agus ní raibh aon inghean amháin achu leis ach do fuair sí bás.
Do bhí ana bhrón ortha go léir nuair a fuair sí bás agus do bhí sí níos óige na an buachaill.
Do bhíodh árd spórt ag an mbeirt achu i gcómhnuidhe go dtí go bhfuair an cailín bás.
Do bhí sí ocht bliadhna nuair a fuair sí bás agus do bhí sí ag dul go sgoil leis an mbuachaill um an dtacha san agus do bhí an buachaill deic bliadhna nú mar sin nuair a fuair an cailín bocht bás(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Loinghsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Loinghsigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Gort na Tiobratan, Co. Chorcaí