Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí air ar feadh tamaill.
Ní thabharfhadh an fear saidhbir pioc d'aoinne dá mbeidís ag fagháil bháis leis an ocras. Aon lá amháin do bhí an fear saidhbir amuigh sa pháirc ag obair agus do bhí sé ag fearthainn agus dfhan sé amuigh an lá san go léir agus nuair a tháinig sé isteach un thráthnóna do bhí sé go léir fluich agus salach.
Ansan do chuaidh sé a chodhladh agus nuair a tháinig an mhaidean ní raibh sé ábalta ar eiríghe in-aon-chor mar do bhí sé breóite tar-éis bheith fluich an lá roimis sin. D'fhan sé sa leabaidh an lá san go léir agus níor ith sé aon nídh. Ní thabharfhadh an chailín pioc le n- ithe dho agus fuair sé bás leis an ocras. Do fuair an chailín an fheirm agus an t-airgead ansan agus mhair sí go chómhpórdhach as san amac.- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85