Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go léir ag rínnce mór-thímpeall a bhóthair.
Tar-éis tamaill eile do chonnaic sé beirt fhear agus fear marbh á iompar acu. Do stad an bheirt fhear ag chaint leis agus dúbhradar leis go gcaithfheadh sé poll do dhéanamh ar an dtalamh dóibh.
Do dhein sé an poll dóibh agus do bhí sé chómh mór san dá dtéigheadh sé isteach ann ná féadfhadh sé teacht amach as.
Nuair a bhí sé déanta aige do chuaidh an bheirt fhear suas chuige agus dubhradar leis ná raibh sé leath mhór a dhóithin.
Do chomáin sé leis ag baint agus chuireadar an fear marbh isteach an agus chaitheadar an fear saidhbhir isteach na dhiaidh agus níor airighead a thuille mar gheall air.- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85