Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1.
Do bhí lánamha bocht ann fadó agus do bhí mórán clainne acu agus do bhí náire ag teacht orthu amach san aimsir mar gheal ar a oiread clainne a bheith acu agus dubhradar le na chéile go raghaidís ar deighile ó'n a chéile ar feadh tamaillín mar go mbeadh na daoine go léir ag cainnt mar gheall ar oiread clainne a bheith acu nuair a bhíodar cómh bocht.
Níor codhladar i dteannta a chéile ar feadh seacht mbliadhain agus lá agus i gcionn na seacht mbliain do chuadar i dteannta a chéile [?] aon breicfast amháin agus do thuilleadar ná beadh a thuille muirighin acu nuair a bhíodar cómh críonna san.
I gcionn bliadhna do bhí mór-sheisear mac óg i dteannta a chéile acu agus do bhí náire a gcroidhe ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Risteárd Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64