Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus cailín ana óg ar fad do b'eadh í agus d'fhiafruig sí don bhean chun í a leagaint isteach agus dubhairt an bean léi chun teacht isteach gan amhras.
Do tháinig sí isteach agus d'fhiafruig an bean 'di a n-íosfhadh sí an caoirfheóil a bhí aca i gcóir a dínnéir leo ansan agus dubhairt an cailín go n-íosfhadh.
Níor mhaith leis an inghean eile a bhí a bhí ag an baintreabhach in-aon-chor ach ní dubhairt sí pioc mar ceap sí ná thaithgeadh san le na mháthair.
Do shuidh an cailín síos agus d'ith sí a dhínnéar leo agus d'ith sí a dhóithin leis.
Nuair a bí sí tar-éis a dhínnéar d'ithe do shuidh sí síos in-aice na teine in-aonfheacht leó agus do thosnuig sí ag cainnt leó.
Níor labhair an cailín puinn léi in-aon-chor agus do bhí an bean ag cainnt léi agus níor thug sí aon rud fé ndeárd in-ao'-chor(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bn Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí