Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí tíghearna talamhan ann uair amháin agus do bhí mórán tailimh aige.
Do bhí sé ana saidhbhir ar fad leis agus do bhí mórán fir ag obair aige ar a thailimh agus do bhí mórán ainimhídhe aige leis.
Do bhí triúr inghean áluinn aige leis agus do bhí an té ab'óige acu níos deise ná an céad inghean agus do bhí sí sin aluinn go leór.
Fear ana sanntach ab'eadh é leis agus dá cídhfheadh sé aon rud do caithfheadh sé é a fhághail.
Níor thaithin san leis na tineónta a bhí ar a thailimh aige. Ní thaithinfeadh san leis na h-uaisle a thagadh ag triall air. D'airig an rígh mar gheall ar an claidheamh soluis a bhi ag an fathac agus dubhairt sé gcaithfheadh sé é fhághail.(leanann ar an chéad leathanach eile)