Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear na cómhnuídhe i gCúil-Aodha uair amháin tímpeall dá céad blian ó soin agus do bhí sé na chómhnaidhe le na mháthair i dtigin beag ceann tuige ar thaobh an bhóthar in aice carraig mór árd agus do bhíodar ana bhocht agus uaireannta ní bhíod a dhóthain le n-ite acú.
Saghas éigin amadán do b'eadh an buachaill agus do théigeadh sé amach ag obair gach lá. Do bhí sé go h'ana diomhaoin ach do caitead sé rud éigin a dhéanamh cun biad d'fágail cun é do chotúgad.
Do nighead a mháthair eadac do [?]feirmeoirí saidbhire cun biad éigin d'faghail ar. Do a bhí croidhe boct briste istig ins an [?]mnaoi boct.
Do dheanfhad Seán na rudaí ba greannmhara agus ba díth-céillmhaire a airigis riamh agus do bhí a mháthair go h-ana buaideartha ar fad uaidh sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)