Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Domhnall Ó Conaill thall i Sasana uair agus do fuair sé cuireadh chun dinnéir ó dhuine uasal gallda. Bhí a lán daoine uaisle eile ag an dinnéar agus do bhí sé socair nimh a thabhairt do Dhomhnall agus é a chur chun báis.
Do cuireadh an nimh isteach i ngloine Dhomhnaill. Bhí an chuideachta suidhte tímpeall an bhúird agus a ghloine féin ós comhair gach duine acu. Bhí cailín aimsire ó Éirinn sa tig go raibh gaedhilg aici agus do fuair sí amach mar gheall ar an nimh. Do fuair sí leath-sgeal éigin chun dul isteach i seómra an bhídh mar a raibh Domhnall is na h-uaisle eile. Leog sí uirthe bheith ag amhrán sa gaedhlinn agus í ag gabhail tímcheall agus ’sé seo an caint a bhí ar siubhal aici.
“A Domhnaill Uí Chonaill an dtuigeann tú gaedhilg
Thuig Domhnall gur oir don chailín rud éigin d’innsint dó agus ná raibh san amhrán ach leath-sgeal. Leóg sé air bheith ag rádh an amhráin leis agus dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Carraig na Damhaire, Co. Chorcaí