Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nós a bhíodh fadó ann do beadh bheith ag caoineadh ós cionn an té bhíodh fé chlár, pé 'cu fear nó bean, garsún nó gearrachaile a bheadh marbh. Ba chuma ciacu i mbláth a óige nó na sheana chlíodhna caithte do'n chorp déanfaí an caoineadh air ón neómat a sínfí amach ar an gclár nó ar an raca é de ló is d’oidhche, go dtí go síntí síos sa chré é, fé cheann trí lá is dhá oidhche.
I na ghreasaibh a deintí an gol nó an caoine, tímcheall deich neomat i ngach greas acu agus bhéarsaí caointe dá ngabháil go h-uaigneach, ceolmhar leis an gcaoineadh ag na mnáibh caointe.
Chomh luath agus a thiocfadh aon duine muinnteardha nó gaolmhar don té bhíodh fé chlár isteach go tigh an tórraimh ghoilfeadh sé (nó sí) a ghreas caointe ós cionn an chuirp agus d’eirigheadh na mná caointe a bhíodh cois na teine chun cabhruighthe leis (nó leí) go gcaoinfeadh sé a chara agus go gcuirfeadh sé a thocht de. Is minic a bheadh seisear ag gabháil don chaoine i n-éinfheacht agus iad ag greadadh a mbas agus ag crothadh a gceann agus ag cur bhéarsaí brónacha asta mar seo:-
“Mo ghrádh thú, ’s mo chroidhe im’ lár thú
Agus mo cumha fé chlár thú!
A's ní indiú ná i mbáiareach
Ná ar feadh seacht lá dhom,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Drom an Ailigh, Co. Chorcaí