Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí beirt driothár ’na gcómhnaidhe i gconntae Chorcaighe san áit ar a dtugtar Árd an Leasa. Feirmeoirí ab' ead. Tadg ab'ainm do dhuine aca agus dómhnall ab'ainm don duine eile.
Do bhí feirm Thaidg ar an dtaobh thuaidh de Abhainn na Banndan agus bhí feirm Dhómhnaill ar an dtaobh theas. Do mharbhuigeadar mart i gcóir na Nodlag agus do dheineadar socrú go ndeanfaí an fheoil do roinnt ’na dhá leath eatortha.
Ar an bhfeirm thuaidh, feirm Thaidhg, is eadh a marbhuigheadh é agus dubhairt Dómhnall le Tadhg go gcuirfeadh sé garsún cuige lár na mháireach cun a choda féin do bhreith abhaile. “Tá go maith,” arsa Tadg, “gheobhaidh sé é pé uair a thiocfaidh sé.”
Do ghlaoigh Dómhnall ar an ngarsún maidin lár na mháireach agus dubhairt sé leis an capall a ghleasadh agus dul ó thuaidh agus leath den mhart do bhreith aduaidh ar an dtrucail. Do ghléas an garsún an capall, agus d’imthig sé ó thuaidh treasna na h-abhann chun tíghe Thaidhg.
Do bhí Tadg ag feitheamh leis ann. Do bhí an mart gearrtha ag Tadg agus do chuir sé leath na feóla ar an dtrucail, agus dubhairt sé leis an ngarsún bheith ag bogadh leis abhaile. Nuair a tháinig an garsún aduaidh agus an fheoil aige, do thug a mháighistir fé ndearra gur choimeád an driotháir an croidhe an t-aé agus t-eireaball, agus neithe eile do féin, agus nár thug(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríordáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Na Curraithe, Co. Chorcaí