Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nóra Ní Chróinín, Eanáir 19ú, 1937. Aois – Cheithre bliana déag
Béaloideas – Scéal
Taistealaí dob ea Eoghan Rua. Bhí sé ag cur an bhóthair de uair nuair a bhuail sagart uime. Bhíodar ag comhrá le chéile. Níorbh fhada gur shroiseadar abha mhór; ní fhéadfadh an sagart dul treasna na habhann, ach bhí Eoghan cosnochtaithe agus chuir sé an sagart ar a dhrom agus ghluais sé leis. I lár na habhann duairt Eoghan leis an sagart go ndéanfadh sé a fhaoistin leis. “Ná bach leis cun go mbeimíd treasna na habhann” arsa an sagart. Thosnaigh Eoghan ag insint a fhaoistine, peacaí móra á scaoileadh amach aige chomh tiubh le raithnigh. “Ó tá an diabhal thiar ort!” arsa an sagart tar éis gníomhartha Eoghan do chlos. “Má tá, mhuise,” arsa Eoghain, “ni fhada a bheidh”, ag caitheamh an tsagairt isteach san uisce.- Bailitheoir
- Nóra Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14