Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Maire Tóibín, Ínse an Fhosaidh. Aois – Dhá bhliain déag
22-2-’38
Béaloideas – Scéal
Do thagadh na daoine a bhíodh i bhfad ón séipéal fadó chun faoistine go tigh an tsagairt. Chaithfidís go léir dul isteach sa chistin agus bhíodh an sagart ag éisteacht sa pharlús. Do bhí Eoghan Rua ag dul go faoistin lá agus d’fhan sé go raibh gach éinne eile imithe.
Nuair a bhí sé ag dul tríd an gcistin thóg sé píosa bagúin don lochta agus sháigh sé isteach féna chasóig é agus chuaigh sé isteach go dtí an sagart.
“’Athair,” ar seisean, “do ghoideas é seo agus tabharfad duitse anois é.” “Ó ná dein,” arsa an sagart, “tabhair don té gur leis é.” “Do thairgeas do é is ní thógfadh sé uaim é,” arsa Eoghan. “Coimeád é mar sin,” arsa an sagart. Chuaigh Eoghan abhaile agus bhí dínnéar maith aige.- Bailitheoir
- Máire Tóibín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Inse an Osaidh, Co. Chorcaí