Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus bean bhocht ann fadó agus bé an ainm a bhí orthu ná Dónaillín Donaí agus Caitlín Thubaisteach. Bhíodar ana-dhealbh ach bhí aon mhuicín amháin acu. Duairt Dónaillín go maróidís an mhuicín agus go leasódh sí an cabáiste dhóibh.
Do mhairbh sé an mhuc agus chuir sé sa tobán é. Lá dá raibh sé amuigh ag obair cheap Caitlín gan bheith díomhaoin agus rug sí léi na píosaí feola agus chuir sí píosa díobh le gach stumpa cabáiste.
Amáireach a bhí chúinn tháinig Dónall isteach chun a dhínnéir ach ní raibh aon rud beirithe aici – ní raibh sé aici. “Airiú, cad ’na thaobh ná fuil píosa den fheoil beirithe agat?” ar seisean; “Airiú, ar nóin, níl sé agam,” ar sise. “Airiú, cár ghaibh sé?” arsa Dónall. “Airiú,” ar sise “nár chuireas ag leasú an chabáiste é.” “Níor theip riamh ort, a óinsigh,” ar seisean.
Do rith sé amach féachaint a bhfaigheadh sé an fheoil ach is amhlaidh a bhí sé go léir ite ag gadhair an bhaile. Tháinig sé isteach arís agus é go buartha.
“Níl aon ní le déanamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Shuibhne
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- An Tuairín Dubh, Co. Chorcaí