Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Máire Ní Chríodáin, Oileán Aibhneach. Aois – Dhá bhliain déag
2-3-’38
Béaloideas –Scéal
Do bhí fear in Eirinn fadó agus do bhí sé ana-shaibhir. Do bhíodh eagla air i gcónaí go ndéanfaí an t-ór do ghoid uaidh. Do bhíodh firín beag macánta ag obair don bhfear saibhir sin agus d’iarr sé ar an bhfirín beag aire a thabhairt don ór. Do chuir an firín beag an t-ór isteach i bpróca. Rug sé an próca leis go dtí an gleann agus do chuir sé i bhfolach i bpoll fé thalamh é.
Nuair a chonaic an fear saibhir cad a bhí déanta aige do chuir sé fé gheasa é an t-ór do chosaint i rith a shaoil, agus i ndiaidh a bháis, agus tá leipreacháin sa ghleann ó shin ag tabhairt aire don ór.
Dob é sin an chéad leipreachán, ach nuair do chuala daoine eile an scéal do chuireadar féin a gcuid óir fé thalamh agus leipreachán dá fhaire. Sin mar a tharla go bhfuil leipreacháin i ngleannta na hÉireann.- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Oileán Eidhneach Thiar, Co. Chorcaí